Scoil Breandain, Eachleim


Go to content

Main menu:


Sa Séipéal

2006/2007 > R. 5 & 6 > Cóineartú 2007

Bhí an Cóineartú ar an 18ú Bealtaine 2007. Ar an lá sin, chuaigh mé isteach go dtí an gruagaire agus nuair a bhí siad ag déanamh mo ghruaig, chuaigh an leictreachas as. Ní raibh aon rud ag obair. Ansin fuair muid ‘generator’ agus tháinig gach rud amach ceart go leor. Bhí an tAifreann go hálainn ar fad. Rinne mé an ófráil. Tar éis an Aifrinn agus na griangrafanna, chuaigh mise agus mo chara, Caitríona, go dtí Ostán an ‘Broadhaven’. Bhí an béile go hálainn agus bhí an-craic againn an oíche sin. Bhí gach duine gléasta go hálainn, agus bhí an séipéal maisithe go deas freisin. Bhí mo chlann go léir ansin.

le Clár


Bhí mé gléasta suas i gcóir mo Chóineartú. Bhí a lán daoine gléasta suas. Ní raibh an aimsir go maith. Bhí a lán daoine ag déanamh é. Chuaigh an leictreachas as agus ní raibh mé in ann aon rud a usáid sa teach. Bhí gach duine ag féachaint go deas ar lá an Chóineartú.

le Martina


Chuaigh muid go dtí an Aifrinn agus shuigh muid síos. D’fhan muid i gcóir urraitheoirí. Ansin thosaigh an tAifreann. Bhí muid ag canadh. Rinne muid Guí an Phobail agus thóg muid an Ofráil suas. Rinne muid léamh agus a lán rudaí eile. Ansin bhí griangraf leis an easpag agus chuaigh muid abhaile.

le Máire


Eachléim, Clochar, Béal Átha an Fheadha, Co. Mhaigheo, Eire +353 (0)97 85800 | eolas@eachleim.com

Back to content | Back to main menu