Scoil Breandain, Eachleim


Go to content

Main menu:


Museum of Country Life

2007/2008 > Rang 3 & 4 > Oideachas Ealaíona

Ar an 5ú Deireadh Fómhair 2007, tháinig Rebecca agus Breandán ón Museum of Country Life Turlough House chuig ár scoil ar cuairt. Bhí a lán rudaí ealaíona leo.

Tháinig siad isteach go Rang 3 & 4 agus d'inis siad scéalta faoin spórt a bhí ag daoine in Éirinn fadó ar Oíche Shamhna. D'imir siad cleasanna ar a chéile agus ghléas siad suas. Ní raibh aghaidh fidil nó masc le fáil sna siopaí mar atá inniu. Mar sin, bhí ar na daoine aghaidh fidil a dhéanamh iad féin.

D'fhoghlaim muid an chaoi chun iad a dhéanamh, ag baint úsáid as éadach, olann, téad, péint agus gliú. Bhí muid graitheach ach bhí an-am againn! Féach ar na pictiúir ar an gcéad leathanach eile-feicfidh tú muidí ag obair.

Nach bhfuil muid fíochmhar! Grrrr...........!!


Eachléim, Clochar, Béal Átha an Fheadha, Co. Mhaigheo, Eire +353 (0)97 85800 | eolas@eachleim.com

Back to content | Back to main menu