Main menu:
2007/2008 > Cuairteoirí > Na Gardaí
Thug na Gardaí cuairt ar an scoil le gairid. Beirt acu a bhí ann, Terry Dever agus Denise O'Halloran. Bhí siad ag caint faoin obair a dhéanann siad, ag ceapadh gadaithe, ag úsáid an "breathaliser", ag féachaint an bhfuil cáin agus árachas ar carranna &rl. D'inis siad dúinn faoin éide a chaitheann siad. Dúirt siad nach raibh cead acu gunnaí a bheith leo. D'iarr siad orainn a bheith cúramach ar na bóithrí agus gan a bheith ag plaidhchíocht sa chomharsanacht agus gan dul i gcarr le stráinséar riamh. Chuir muid go leor ceisteanna orthu. Bhí siad go han-dheas ar fad. Thóg muid griangraf den ghrúpa ar fad.