Main menu:
2006/2007 > Cuairteoirí > Uachtarán na hEireann
Tháinig an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, chuig Ionad Deirbhile ar an Eachléim ar an 21ú Aibreán 2007. Chuir Coiste an Ionaid fáilte mór roimpi agus roimh a fear chéile, Máirtín.
Bhí banna ceoil na scoile ag seinm don Uachtarán. Sheinn muid:
Fáinne Gael an Lae
Foggy Dew
Na Trí Bláth
Minstrel Boy
Thug Melissa fleasc mór bláthanna don Uachtarán. Bhí na bláthanna go hálainn agus bhí Melissa an-bhródúil. Bhí an tUachtarán an-sásta agus ghabh sí buíochas le Melissa.
Thug an tUachtarán oráid do na daoine a bhí bailithe le chéile san Ionad Fiontair nua atá in aice le Ionad Deirbhile. Dúirt sí go raibh áthas uirthi a bheith sa cheantar agus gur bhain sí an-taitneamh as na radharcanna áille a chonaic sí. Dúirt sí go mbíonn Orla i gcónai ag caint faoin áit seo agus go raibh sé in am di cuairt a thabhairt air! Bhi bia le fáil ansin agus d’fhág an tUachtarán slán ag muintir na hEachléime. Ócáid íontach, cinnte!
le Rhianna, Mairéad agus Melissa