Main menu:
2006/2007 > R. 5 & 6 > Rothaí Uisce
Lá amháin bhí muid ag déanamh eolaíochta. Chonaic muid triail le déanamh. Bhí muid ag caint faoi. Ansin dúirt an múinteoir linn dul abhaile agus roth uisce a dhéanamh agus go mbeadh duais ann don cheann is fearr. Chuaigh mé abhaile agus thosaigh mé air. Thug mo dhaidí agus mo dheartháir cabhair dom. D’úsaid mé adhmad agus cruaidh agus chuir mé péint donn air. Bhí sé go deas. Bhuaigh Liam 10 euro.
le Mairéad
Thosaigh mé ar an roth uisce ar an Domhnach agus thug mo Uncail Terry cabhair dom. Rinne muid as adhmaid é agus bhí muid ag obair air i gcomhair trí uair suas go dtí seacht a chlog. Chuir muid le chéile é le scriúanna agus gliú. Chuir muid péint airgead air.
le Turlach
Rinne mé an roth uisce as adhmad. Bhí sé deacair obair air. Thug mo Dhaidí cabhair dom an roth uisce a dhéanamh. Bhuaigh mé deich euro dón chéad duais.
le Liam
Dúirt an múinteoir liom dul abhaile agus roth uisce a dhéanamh. Ansin chuaigh mé abhaile agus thosaigh mé air. Chuaigh mé go dtí an garáiste agus ghearr mé cúpla píosa adhmad agus chuir mé le chéile iad le gliú agus táirní. Chuir mé scriúanna ann chomh maith. D’fhág mé ar taispeántas é sa scoil ar feadh tamaill. Bhain me an-taitneamh as.
le Dónal