Main menu:
2007/2008 > Spórt sa Scoil
Bhí Lá Mhuigheo againn sa scoil ag deireadh Mheán Fómhair. Ghléas gach duine suas i ndathanna Mhuigheo.
Mhaisigh muid na fuinneoga freisin le rudaí a rinne muid sa rang ealaíona. Bhí an-spórt againn an lá sin!!
Bhí Mná Mhuigheo ag imirt in aghaidh Corcaigh sa Chluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh an Dómhnach ina dhiaidh sin agus bhí muid ag tabhairt tacaíochta dóibh. Ach, faraoir, ní raibh an bua acu. D'imir siad sár-chluiche, áfach, agus bhí muid an-bhródúil astu.