Main menu:
2006/2007 > R. 3 & 4 > Turas Scoile 2006
Bhí Tom agus Finola ag fanacht linn nuair a shroich muid an monarcha sa bhaile mór. Glaotar “Mayo Mats” ar an ngnó seo freisin. Thosaigh Tom ag taispeáint dúinn na h-ábhair a usáideann siad chun na mataí do na ba a dhéanamh. (Máire)
Úsáideann siad ceimiclí éagsúla, meascann siad iad, cuireann siad an meascán sin i meaisín an-mhór agus tar éis tamaill, tagann ruibéar amach. Téann an ruibéar ar meaisín eile ansin, cosúil le “pasta-maker” agus tagann sé amach mar mata. An-suimiúil! (Mártan)
Tá 30 fear agus 3 bhean ag obair anseo. Díolann siad 40% de na mata sa tír seo agus téann 60% thar lear go Sasana agus go dtí an tSeapáin – turas fada ó Bhéal an Mhuirthead!
Tar éis dúinn an siúlóid mór thart timpeall na monarchan a dhéanamh, thug Finola deoch oráiste agus brioscaí dúinn – íontach!
Go raibh maith agaibh don turas, don eolas agus don bhia!
(Dylan A.)