Main menu:
2006/2007 > R. 3 & 4 > Ionad Deirbhile
Le gairid, chuaigh muidí, Rang 3 & 4, ar siúlóid síos go dtí Ionad Deirbhile. Bhí sé ar intinn againn tuilleadh eolais ar ár gceantar féin a aimsiú. Cheana féin, d’fhoghlaim muid go leor faoi stair agus tíreolaíocht na h-áite seo agus bhí muid ag iarraidh cur leis an eolas sin. Bhí ceistneoir ag gach páiste agus bhí orainn eolas a lorg san Ionad. Fuair muid freagra do chuile ceist ar deireadh! Bhí sé deacair, ach bhain muid taitneamh as.
Seo leanas roinnt pictiúr a thóg muid ar an lá. Taispeánann siad go raibh muid ag obair go dian! Maith an rud go raibh Máire agus na mná ansin chun sóláistí a chur ar fáil dúinn – go raibh míle maith agat, a Mháire, as ucht an turas breá a thug tú dúinn.