Scoil Breandain, Eachleim


Go to content

Main menu:


Míol Mór

2009/2010 > Rang 3 & 4

Bhí Nicole agus a daid ag siúl ar an trá taobh thiar den Eachléim agus tháinig siad ar ainmhí mór marbh. Míol mór den chineál "Minke" a bhí ann agus is dóiche go bhfuair sé bás amuigh san aigéan. Bhí fad 8.75 méadar aige.

Phioc siad suas na "baleens" seo agus thóg Nicole ar scoil iad chun a thaispeáint do na páistí. Rinne Rang a Trí mionscrúdú orthu!!

Seo griangraf de Minke agus é ag snámh.


Eachléim, Clochar, Béal Átha an Fheadha, Co. Mhaigheo, Eire +353 (0)97 85800 | eolas@eachleim.com

Back to content | Back to main menu