Main menu:
2006/2007 > R. 5 & 6 > Cóineartú 2007
Bhí an t-Aifreann ar siúl ar a sé a chlog ar an 18ú Bealtaine 2007. Bhí ar na páistí a bheith sa séipeál ar a leathuair tar éis a cúig. Chuaigh gach páistí suas agus thosaigh an t-Aifreann. Bhí Máiréad agus Turlach ag léamh an chéad léacht. Bhí Pádraig ag léamh an dara léacht. Bhí Rhianna, Emma, Máire, Nollaig, Séan, Dónal, Liam agus Éilis ag déanamh Guí an Phobail. Bhí Martina, Dónal, Caitríona, mise agus Emma, Pádraig, Liam agus Pádraig ag tógáil suas an Ofráil. Bhí Clár ag rá an Ofráil nuair a bhí na páistí ag tabhairt suas rudaí. Bhí an Geata Mór agus Corrchloch ag déanamh an Cóinéartú linn. Bhí an t-Aifreann thart ar a hocht a chlog. Thóg Nigel pictiúir den trí scoil tar éis an Aifrinn. Chuaigh gach duine amach i gcomhair dinnéar.
le Melissa
Cúpla seachtain roimh an Chóineartú, thosaigh na páistí ag fáil réidh don Chóineartú. Chuaigh na páistí ag siopadóireacht i nGaillimh, i Sligeach agus i gCaisléan a’ Bharraigh. Fuair gach duine éadaí deasa. Bhí go leor daoine ag an ngruagaire an lá sin. Chuaigh an leictreachas as. Tháinig an leictreachas ar ais ar a cúig a chlog. Tháinig na paistí go dtí an tséipéil ar a leath uair tar eis a cúig. Thosaigh an t-Aifreann ar a sé a chlog. Bhí lá íontach againn.
le Rhianna