Scoil Breandain, Eachleim


Go to content

Main menu:


Cyril Ó Flaithearta, Ealaíontóir

2008/2009 > Cuairteoirí


Thug Cyril Ó Flaitheartha, Ealaíontóir, cuairt ar an scoil le gairid, lena thogra "Oileán". Labhair sé leis na daltaí agus le cabhair ó cheistneoir a chum sé, spreag sé iad chun eolais a bhailiú óna mhuintir féin ar shaol na n-oileáin in aice linn, Inis Scéithe Thuaidh agus Theas.


Bhí go leor scéalta ag na leanaí nuair a d'fhill Cyril ar an scoil agus thug siad aghaidh ar phictiúir áille a chumadh agus a phéinteáil.

Bhain siad an-taitneamh as an obair go léir agus bhí siad sona sásta lena gcuid oibre. D'fhoghlaim siad neart freisin.

Beidh taispeántas d'obair an ealaíontóra agus obair na bpáistí ar siúl in Árus Ínis Gluaire i mBéal an Mhuirthead san Athbhliain agus tá muid ag súil go mór le sin.

Tá muid an-bhuíoch do Cyril don am a chaith sé linn sa scoil agus do na scileanna agus don spreagadh a thug sé do na leanaí. Beidh fáilte mór roimhe má thugann sé cuairt orainn sa dtodhchaí.


Eachléim, Clochar, Béal Átha an Fheadha, Co. Mhaigheo, Eire +353 (0)97 85800 | eolas@eachleim.com

Back to content | Back to main menu