Main menu:
2009/2010 > Ócáidí Eile
Bhí Ceiliúradh na Nollag ar siúl ar an Eachléim i mbliana. Bhí sár-oíche againn. Nach álainn na Naíonáin agus iad ag canadh in ard a ngutha!!
Ins an dráma a rinne Rang 1 & 2, bhí timpiste ag Daidí na Nollag bocht ach feabhsaigh sé agus fuair na leanaí a gcuid bronntanas ar deireadh!!
Dhá shaghas dráma ar siúl ag Rang 3 & 4(ar clé) agus Rang 5 & 6(ar dheis) - is breá leis na páistí bheith ag gléasadh suas agus ag déanamh drámaíochta!
Seo an scoil ar fad ag canadh ag deireadh na h-oíche. Bronnadh €300 ar Ospidéal an Phobail i mBéal an Mhuirthead, airgead a bailíodh ar Lá na gCluiche agus ó fhoireann na scoile.
Cuir an banna ceoil críoch le h-oíche den scoth.
Nollaig Shona!!