Scoil Breandain, Eachleim


Go to content

Main menu:


Lucy Hill le Rang 3 & 4

2006/2007 > Cuairteoirí > Lucy Hill

Rinne Lucy Hill píosa ealaíona íontach, dárbh ainm Scáile, ar an gcéibh sa bhFód Dubh tamaillín ó shin. Tháinig sí go dtí an ceantar ar an 3ú Bealtaine 2007 chun Scáile a oscailt go h-oifigiúil agus chun píosa ealaíona a dhéanamh le Rang 3 & 4 i Scoil Bhreandáin freisin.

Thaispeáin Lucy dúinn an próiséas a d’úsáid sí chun
Scáile a chruthú. Thug sí múnla agus cré dúinn agus plástar freisin. Ar an gcéad leathanach eile, Ag Obair le Lucy, feicfidh sibh muid ag déanamh na h-oibre sin. Ar an leathanach Ár gCuid Oibre, feicfidh sibh na tíleanna agus iad críochnaithe againn – chuir muid dathanna éagsúla orthu.

Bhain muid an-sult as an lá sin agus tá muid thar a bheith buíoch do Lucy an t-am a chaitheamh linn agus a cuid scileanna a roinnt linn.

Go raibh míle maith agat, a Lucy!


Eachléim, Clochar, Béal Átha an Fheadha, Co. Mhaigheo, Eire +353 (0)97 85800 | eolas@eachleim.com

Back to content | Back to main menu