Scoil Breandain, Eachleim


Go to content

Main menu:


Monarcha Muisiriúin

2006/2007 > R. 3 & 4 > Turas Scoile 2006

Chas muid le Ian, an bainisteoir, agus thóg sé muid ar siúlóid ar fud na monarchan. Thug sé a lán freagraí dúinn mar bhí neart ceisteanna againn! (Pádraig)
Tá 73 ag obair sa mhonarchan, thart ar 14 fir agus 60 bean. Tagann siad ó Éire, Latvia, an Pholainn, an Liotúáin agus tá roinnt daoine ón Úicréin ann freisin. (Martina)

Ta 36 pubaill san áit agus istigh iontu sin bíonn siad ag ullmhú an chré agus ag fás na muisiriúin. Bailíonn siad iad nuair a bhíonn siad aibí.
Díolann siad cuid des na muisiriúin sa tír seo agus cuireann siad roinnt maith eile go Sasana. (Niall BN)

Tógadh an monarcha seo thart ar 1998/1999. Tá dath donn ar na muisiriúin agus tá siad an-bhlasta! Thug Ian cúpla muisiriúin do na múinteoirí – bhí siad ar bís!

D’fhág muid slán le hIan, ghabh muid buíochas leis agus as go brách linn go Bhéal an Mhuirthead! (Turlach)


Eachléim, Clochar, Béal Átha an Fheadha, Co. Mhaigheo, Eire +353 (0)97 85800 | eolas@eachleim.com

Back to content | Back to main menu