Eolas Fúinn
Eolas Fúinn
Is bunscoil Ghaeltachta, Chaitliceach, tuaithe í Scoil Bhreandáin, Eachléim a fhreastalaíonn ar chailíní agus ar bhuachaillí ógá ó cheantar na hEachléime agus níos faide i gcéin.
Cé gur scoil Chaitliceach í Scoil Bhreandáin, tugann an scoil aitheantas do na reiligiúin eile uilig agus dóibh siúd nach bhfuil aon chreideamh acu. Is mian linn an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn ar mhaithe na bpáistí, ionas go mbeidh meas agus grá acu ar a gcultúr, oidhreacht na Gaeltachta seo agus ar a dteanga féin, go háirithe Gaeilge na háite.
Ar mhaithe na bpáistí, tugann muid spreagadh do na tuismitheoirí páirt a ghlacadh in imeachtaí na scoile agus tacaíonn muid le cumann na dtuismitheoirí sa scoil.
Cuireann muid comhionannas chun cinn i measc páistí agus foireann na scoile.
Is mian linn atmaisféar Críostúil, cairdiúil, sona agus sábháilte a chothú sa scoil
ionas go mbeidh seans ag gach páiste a p(h)óitéinseal iomlán a bhaint amach.
Cabhróidh na nithe seo leis sin:
- Go mbeidh meas ag na páistí agus pobal na scoile orthu féin, ar a chéile agus
ar an timpeallacht. - Féin-mhuinín a chothú i measc na bpáistí agus pobal na scoile ina iomlán.
- Sár-iarracht a spreagadh i ngach gné de shaol na scoile.
- Aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do dhifríochtaí aonair.